Cuntas maith ar an chéad am a d’imigh sé go hAlbain ag obair nuair a bhí sé 22 bliain d’aois. Ba £2-10 a dhíol sé le pasáiste a cheannach. Bheadh an turas creathnach garbh go minic, bhí an bád a théadh siad trasna as Doire uirthi garbh, bhíodh ainmhithe ar an bhád fosta.
Fad: 00:06:35 Éist
Fuair sé bus as Glaschú go Govanhill agus fuair sé obair le comhlacht “Wimpey” agus bhí sé sásta an obair a fháil. Bhí cuid mhór tógála ag gabháil i ndiaidh an chogaidh. Ba comhlacht maith é agus bhí pá mhaith a dhíol acu leis na hoibrithe.
Fad: 00:08:10 Éist
Chaith sé seal sa bhaile agus ansin d’imigh sé féin agus a dheartháir Proinsí go Glaschú arís. Fuair siad obair in “Thorny Bank” ag tógáil monarchan. Bhí siad leathuair ar thuras bus amach as Glaschú.
Fad: 00:03:18 Éist
Chuaigh Séamus lena cholceathar suas go tuaisceart na hAlban ag obair sna tolláin. In “Inverness” a bhí an tollán agus chaith sé seal maith ag obair ann. B’obair mhaslach, chontúirteach í. Cur síos ar a am ansin. Ní raibh an obair ró mhaith ag an tsláinte.
Fad: 00:08:48 Éist
In 1956 d’imigh Séamus agus a chomharsa go Léarpholl, Sasana ar lorg oibre. Chuaigh siad as sin go Birmingham. Fostaíodh iad ag stáisiún cumhachta, “powerstation” agus d’fhan siad i dteach le deartháir Shéamuis – Proinsí. Bhí Séamus ag tiomáint dumpaire agus bhí sé ag saothrú £25 de phá sa tseachtain.
Fad: 00:05:33 Éist
In 1965/66 phill sé ar Albain agus thosaigh sé ag obair ar na foirgnimh ilstórach in Paisley le “Wimpey”. Fuair Séamus ardú céime ansin agus rinneadh maor de. Bhí dhá stór agus fiche de fhoirgnimh ansin agus chaith sé cúpla bliain ag an jab sin.
Fad: 00:04:09 Éist
Tháinig sé na bhaile i 1969, ní raibh a athair ag coinneáil go maith agus ní raibh sé thall ó shin. Béidh athrach mór ar an áit ó shin. Tá daoine muinteartha thall aige go fóill. An t-am sin théadh moll daoine anonn fá choinne an gheimhridh agus thagadh siad na bhaile fá choinne an tsamhraidh leis an obair a dhéanamh m.sh. móin, curaíocht. Cur síos ar an am a théadh sé féin go dtí an portach. Bhí bachtaí maith acu.
Fad: 00:05:22 Éist
In Albain a bhí sé féin nuair a d’ól sé ar dtús, théadh siad ag an damhsa i nGlaschú ar an tram, 3d nó 6d a chosain sé. Ag Wimpey a bhí Séamus ag obair i gcónaí, bhí na conraitheoirí maith go leor le obair daofa. Thugtaí éadach daofa fá choinne na fearthainne. Ní raibh an pá mór, £8 nó £10 sa tseachtain, bhí lóistín le díol as sin acu, ní bhíodh mórán fágtha acu. Bhí an chuid is mó ag imeacht go hAlbain an t-am sin, bhí fíorbheagán ag dul go Sasana, bhí an obair fairsing san am.
Fad: 00:04:05 Éist